Facebook
  1. Minhas Letras
  2. C
  3. Clannad
  4. Neansai Mhile Gra (Letra)

Neansai Mhile Gra (Letra)

Clannad

Clannad

Neansaí, ‘Mhíle Grá

A Neansaí, ‘mhíle grá, a bhruineall atá gan smál,
Go bhfeice mí an t-ádh agus an séan ort;
Ba ghile do dhá láimh ná cúr gear na trá,
Nó an eala is í ag snámh ar an Éirne.
Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht,
Is binne liomsa tú ná na téadaí
Is mura n-éalaí tusa liomsa titfidh mí i lionndubh,
Agus cuirfear insan chill i do dhiaidh mé.

Is iomaí sin guth mná a chluinim i ngach aird
Abhus agus thall den Éirne,
Go Corcaigh na gcuanta is go Béal Átha na Slua
Is í Neansaí a thug bua ar an méid sin.
A Mhuire agus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é ár saol
Dá mbeinnse agus í le chéile?
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó, mise is mo rún
Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe.

Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach
is aithris dí gur buartha atá mé
Aithris dí arís nach gcodlaím féin aon oíche
Le harraing atá trí mo thaobh deas.
Aithris dá súil, aithris dá cúl,
Aithris dá méin mhaith chéillí
Aithris dá ceann is dá béilín atá binn
Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laethe.

Dé Domhnaigh má tchímse stór geal mo chroí
Tiocfaidh an t-amharc chugham arís is an éisteacht;
An tuirse atá ar mo chroí, go n-imeoidh sí díom,
Is ní aithneofar an aois ar m’éadan.
A Mhuire is a Rí, nach a tuirseach a bhím,
Is go scaipfinn, dá mba fíon uilig, an Áirne.
An bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian?
Níorbh fhada mé sa saol seo ina héagmais.

Compartilhe!

Curso de Violão - Fórmula Violão